North American Anghaeltacht

Lion


Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

 

 


Vicipeid

Go to article HERE

Gaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh

Is í Gaeltacht Bhaile na hÉireann (nó Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir) ceantar faoi leith ata ainmnithe go h-oifigiúil mar acmhainn chun teanga labhartha na Gaeilge a chothú agus a chaomhnú. Ta an ceantar suite i Tamworth Ontario taobh le hAbhainn an Bhradáin i mbaile fearainn Stone Mills i gcontaetha Lennox agus Addington.

In aice láimhe tá an comhphobal Erinsville a thóg a ainm ó na hÉireannaigh a lonnaigh ann san 19u cead. Is on dúiche seo a thógann an Gaeltacht a h-ainm oifigiúil - "Gaeltacht Bhaile na hÉireann". Is é sin "Gaeltacht Erinsville". Ba iad Éireannaigh an chead chuig mheara ar an mbaile sin.[2]

Tá cáil bainte amach ag an gceantar anois os rud é go bhfuil an t-aon Ghaeltacht oifigiúil taobh amuigh de Éirinn suite ann.[1] [3] Ach murab ionann leis na Gaeltachtaí in Éirinn ina n-úsáideann an pobal áitiúil an Ghaeilge mar theanga laethúil nil aon pobal seasta i nGaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh faoi láthair.

Tugadh aitheantas agus tacaíocht oifigiúil don nGaeltacht le linn an tionscnaimh oifigiúil in a raibh Declan Kelly Ambasadóir na hÉireann go Ceanada agus Helen Gannon ó Comhaltas Ceoltóirí Éireann mar aíonna speisialta.[4] I ráiteas oifigiúil a eisíodh 29 Bealtaine 2007 dúirt Éamonn O Cuív, Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta "Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le pobal Cheanada mar gur bhunaigh siad i gCeanada an chead Ghaeltacht riamh lasmuigh de Éirinn. Guím gach rath ar an obair agus tá súil agam go mbeidh fás agus forbairt uirthi". [5] Chomh maith cheadaigh an tAire O Cuív €20,000 ($28,835 CAD) don nGaeltacht ar mhaithe le oiliúint do mhúinteoirí.[6]

Faoi láthair bíonn cúrsaí sa Gaeilge ar fáil ag an suíomh féin agus arís i mbaile Erinsville. Bíonn céilithe ar siúl freisin agus is féidir campáil nuair a cheadaíonn an uain, (go h-iondúil i mi Lúnasa).[2] I bhfad na h-aimsire tá se beartaithe ag na h-eagraithe cábáin do 100 duine a thógáil chomh maith le seomraí ranga agus iarsmalann. Tá na ranganna inspioráide ag, agus múnlaithe ar, an modh foghlama in úsáid in Oideas Gael i nGaeltacht Dhún na nGall, Gleann Cholm Cille.[6]

Tugadh tosaíocht airithe do scéal na Gaeltachta seo sna meáin chumarsáide go mór mhór mar is í an t-aon Ghaeltacht lasmuigh d’Éirinn. Tuairiscíodh an scéal ar TG4 (Teilifís Gaeilge)[7] , ar an BBC agus ar na meáin i gCeanada.BBC.[4]

Seo a dúirt Aralt Mac Giolla Chainnigh, príomh eagraí an tionscadail, in agallamh leis an BBC; " Ce go dtagann na Gaeilgeoirí ó ghach críoch - Ceanada, na Stáit Aontaithe, Eire - beidh siad sa bhaile nuair a chruinníonn siad anseo. Is ait í in ar b’fhéidir leo a gcadhnraí cultúrtha a athghiniúint agus go speisialta ait in ar b’fhéidir leo teacht i dteagmháil leis an dteanga Ghaeilge arís".[2]