North American Anghaeltacht

Lion


Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

 

 


Diolachan Scaireanna

10 Bealtaine 2007

A Chairde,

Bunaíodh Cumann na Gaeltachta i 1993 agus aidhm aige Gaeltacht a chruthú san Oileán Úr. Is cuireadh duit an litir seo chun tacaíocht a thabhairt dúinn an ard-aidhm seo a bhaint amach.

Ó 1994 i leith, nuair a reáchtáil Cumann na Gaeltacht an chéad tumchlár Gaeilge (Irish immersion program) i gCeanada, tá borradh amhra ar Theanga na hÉireann anseo. Tá cursaí deireadh seachtaine le fáil anois i gKingston (Comhaltas Ceoltóirí Éireann), Toronto (Taca na hÉireann), Ottawa (Glór na nGael), agus Montréal (Comhrá). Oibríonn Cumann na Gaeltachta as lámh a chéile le heagraíochta lasmuigh de Cheanada chomh maith; Oideas Gael i dTír Chonaill, Bard na nGleann i gCorcaigh agus Daltaí na Gaeilge sna Stáid Aontaithe san aireamh. Tá dlúthcheangal faoi leith ann le Cúige Mheiriceá Thuaidh Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

Is é seachtain samhraidh lán-Ghaeilge sa Ghleann Ottawa an ócáid is mó a reachtlaíonn An Cumann – san áit ina mbeartaítear an chéad Ghaeltacht Mheiriceá Thuaidh le tógáil ann. Tá DVD faoi iamh, a dhéanann léirbhreithniú ar an ócáid i 2004 agus ar thionscadail Ghaeltacht Bhuan Mheiriceá Thuaidh go ginearálta.

Is ionann na eachtraí seo, fothragtha sa Ghaeilge mar cineál Gaeltachta sealadaí. Anois táimid ag iarraidh stádas níos buaine a bhaint amach. Sé an cuspóir leadhb talaimh a cheannach mar a bheadh ócáidí dianasacha a chomóradh mar a bheadh in ann do Ghaeil labhairt is cleachtadh na teanga am ar bith sa bhliain. Sé síoraíocht an tsuímh seo i dtreo go n-áiritheofar cruachadh ár n-iarrachtaí ó ghlúin go glúin agus solaoid roimh na sliochtaigh le teacht. Cinnte go rabh spéis san Ghaelachas cheana i dTuaisceart Mheiriceá ach bhíodh an uanaíocht seal thuas seal thíos de réir buinne na hinimirce. Le fóir bhuan, beimid in ann fás nuair a thagann inimircigh, agus ár bhfód a sheasamh nuair nach dtagann.

Tá draíocht san fhocal "Gaeltacht". In Éirinn ní amháin gurab é an chiall le Gaeltacht mar bheatha thadhaill na teanga, ach mar mháithreach an Ghaelachais bharántúla chomh maith. Ceol, damhsa, seanchas, beatha bhundúchais leis na cianta, táthar uilig i láthair sa Ghaeltacht ón tseanré. Is taithíoch le cách a tógadh in Éirinn na turais scoile chun na Gaeltachta. Sa Ghaeltacht bíonn faradh na fáilte go buan roimh chách, le aoibhneas is léinn a bhaint as gach éagasc de iodhreacht ilmhaoineach na nGael, in atmaisféar lán-Ghaeilge.

Is bradán beatha na nGael ina inne féin coincheap na Gaeltachta. Ní áit amháin ach sochaí. Gidh go bhfuil siad scartha óna gcéile san tír, táthar uilig ceangailte le céile le téad taca na teanga is cuisle an chultúir. Is foras eisliach na hÉireann an Ghaeltacht. Mar a leathnaíonn sainmhíniú na Gaeltachta sa saol nua-aimsire go ceantracha Bhaile Átha Cliath, Béal Feirste is araile, níl aon fáth nach lonnófaí cuid den Ghaeltacht i Meiriceá Thuaidh. Sé ár gcreideamh féin gur mithid dúinn, comhthionól Mheiriceá Thuaidh, an fód a sheasamh, agus an chéad ranníocaíocht a dhíol chun leathnú na Gaeltachta thar lear amuigh ó thír na hÉireann. Á dhéanamh sin tá muid ag bunú seadachain i dTuaisceart Mheiriceá mar a bheadh an Ghaeilge ar fáil go buan agus go áisiúil do Ghael agus chách i Meiriceá Thuaidh.

Sa bheartán seo gheobhaidh tú an leagan amach do bhunú Ghaeltacht Bhuain Mheiriceá Thuaidh. Tá muid ag súil go gcomhtháthóídh tú chun forbairt a thabhairt don aisling fhiúntach seo.